Toibreacha Beannaithe Chinn Aird – finscéal dár linn fhéin!

Legend of Cinn Aird Thiar Holy Wells – A Haven in the West.

By Roibeard Ó Cathasaigh

District Director: Micheál O Coileáin / Editor: Rory D’Arcy

We travel west to Corca Dhuibhne, to hear of a place of sanctuary and safety.

Cúlra/Context

Bhí trí thobar beannaithe i gCinn Aird Thiar, agus tugtaí turais timpeall orthu go féiltiúil – Tobar Fíonáin, Tobar Muire agus Tobar Michíl.

Traditionally, there were three holy wells in Cinn Aird Thiar, and rounds were paid seasonally at all three of them – Tobar Fíonáin, Tobar Muire and Tobar Michíl

Tobar Muire Cinn Aird. / Grotto to Our Lady (1938). A haven from plague in the West.
Grianghraf le Roibeard Ó Cathasaigh

Leanann finscéal na toibreacha úd, mar leanas,

A legend is associated with the wells as follows:

Finscéal Toibreacha Beannathe Chinn Aird

Nuair a bhí Naomh Mícheál agus Naomh Fíonán ag teacht ón Sceilg chuir ceo amú iad agus ní raibh fhios acu cá rabhadar nuair a thánadar i dtír ar Thráig Chathail (Béal Chinn Aird).

Two holy men – Naomh Fonán and Naomh Mícheál lost their way in heavy fog while travelling by sea from Sceilg Mhichíl. When they landed at the Béal by Cinn Aird Strand they did not know where they were.

Chuadar fé dhéin an chnoic agus bhí an tart ag goilliúint orthu agus gan braon uisce le fáil. Ghuíodar chun Dé is Muire uisce a sholáthar dóibh, agus do ghluais tobar álainn fíor uisce fé chosaibh gach duine acu ag bun an chnoic ansúd, agus d’óladar a sáith.

Parched, they trekked up-hill from the beach in urgent search of water, praying to God and Mary as they went. Eventually, they came to a stream of glistening water at the foot of the hill and drank their fill.

Ansan  dúirt Fíonán:

‘Anois ó thug Dia an tabhartas so dúinn, cuirimse fém thearmainn gach a bhfuil ó abhainn go farraige agus ó chnoc go tráigh, agus gach duine a thiocfaidh fém thearmainnse, ní bhéarfaidh a namhaid go deo air, agus ní lú ná caillfear le pláigh é.’

At this point, Fíonán declared that from then on the surrounding area, from hill to sea and from river to shore, would be a safe haven from enemies and from plague. And so it was.

Is sin mar a bhí – nuair a bhí fliú mór 1918 ag treascairt na ndaoine ar fud na dúthaí, níor cailleadh leis an bhfliú úd aoinne laistigh de Thearmainn Fíonáin.

As thousands of people were stricken with the Flu Pandemic of 1918, nobody died of that flu within Fionán’s sanctuary.

I ré seo an choróinvíreais agus bacanna bóithreoireachta orainn go léir ar mhaithe le tearmainn slán a chruthú dúinn fhéin ón víreas, ritheann finscéal áitiúil/local legend liom ón mbéaloideas a leanann toibreacha beannaithe Chinn Aird i Lios Póil gur fiú trácht air, b’fhéidir, agus san a dhéanamh ar cuireadh ó Mhícheál Ó Coileáin fé scáth Ciarraí Scéalach.

This story resonates with us today as we navigate Covid-19, and also interests us as to how our ancestors coped in similar times of turmoil.


Tráchtaireacht

Tá tearmainn mar choimirce shláinte/health protection i gcroílár na h-insinte, agus mar bharr air sin, eachtraítear an scéal i gcomhthéacs Fhliú Spáinneach 1918 a sciob 23,000 Éireannach, ach, go míórúilteach, a d’fhág gach aoinne laistigh de thearmainn/sanctuary an scéil seo slán. Tá léiriú sa scéal chomh maith ar chonas a ghaibh ár sinsir trí amanta suaite cheana, agus mar a tharlaíonn, nasc láidir ag an bhfinscéal lenár linn fhéin.

Stair na dTobar i gCinn Aird.

Thar am, tiomnaíodh trí thobar don dtriúr beannaithe úd, agus cuireadh cóiriú orthu de réir a chéile, mar leanas, i) Cuireadh cros os cionn Thobar Fíonáin i 1918 (crois atá fós ann, agus a bheannaigh An tAth. Mícheál Ó Briain, cúntóir sagairt sa Daingean, eisean a bhí mar Easpag Chiarraí idir 1927-’52), ii) Tógadh Grotto Muire i 1938 ag Ághasach mar chomhartha buíochais as beannachtaí a bronnadh air; léigh an tEaspag Bill Murphy aifreann cois Thobar Muire, Cinn Aird, tús samhradh 1999, mar chlabhsúr is mar cheiliúradh ar shaothrú an tsaesúir ag Clubanna Óige Chorca Dhuibhne is an Leitriúigh, agus chun slán d’fhágaint leis an seanamhílaois is fáiltiú roimis an mhílaois úr – Pháid Ahern ó Bhaile Ristín is a mheitheal a d’eagraigh. iii) Athchóiríodh Tobar/Grotto Muire fé stiúir ag Coiste Pobail Lios Póil, 2018/19, agus deineadh é d’aththiomnú le linn na Féile 2019 agus an phaidir seo ar ár mbeolaibh againn:

A Mhuire na Féile
’sé seo ár nguí,
go dtagaimid slán
ón uile phlá, Áiméan.

Tobar Muire, Féile Lios Póil 2018
Grianghraf le Roibeard Ó Cathasaigh

Beag a shamhlaíomair an tráthnóna bog báistí úd i dtús Lúnasa anuraidh go mbeadh an scamall sraoilleach so anuas ar shláinte na cruinne laistigh de leathbhliain, agus dá thoradh, athnuachan ar dheabhóid ár muintire do Thobar Muire idir an dá linn.

Turas an Tobair

An Choróin Mhuire a rá ag gabhailt timpeall an tobair. Aghaidh is lámha a ní i séilteán an tobair agus deoch d’uisce an tobair a dh’ól leis an mbais agus an phaidir seo a rá:

Beannaím duit, a Mhaighdean Naofa,
mar bheanaíonn na naoimh duit,
sea bheannaím féin duit,
is chugatsa a thánga ag gearán mo scéil leat
’s a d’iarraidh mo leighis i gcuntas Dé ort.

Dátaí na dturas go traidisiúnta

Tobar Fíonáin: (leis an gcrois naofa, is atá mar fhoinse uisce ag an mbaile fearainn) 17 Feabhra; Tobar Muire (leis an íomhá sa grotto) Lá le Muire an Fhómhair – 15 Lúnasa; Tobar Michíl: (níl ann níos mó de bharr míntíriú talún) 29 Meán Fómhair.


Foinse/Source: Bailiúchán na Scol, Scoil Chluain Chumhra. CBÉ. 426:50-4; Seán Ó Súilleabháin (OS) a bhailigh óna athair Pádraig (78), Cinn Aird, Nollaig 1937.

Ábhar á fhoilsiú le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann; www.duchas.ie


An t-Údar

Roibeard Ó Cathasaigh: Is ó Lios Póil i gCorca Dhuibhne do Roibeard agus níor chaill sé a cheangal lena phobal dúchais riamh. Iarléachtóir Sinsearach le Gaeilgei gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh é. Go leor foilsithe i ngort an bhéaloidis áitiúil aige, ina measc, an foilseachán is déanaí uaidh, leabhar  + 2CD, ‘Ná treascródh duine éicint an bloc san!’ – Sealanna seanchais le Pádraig ‘Peaidí Neoiní Ó Cathalláin (2018).

One comment

  1. Toibreacha Beannaithe Chinn Aird must be one of the great stories. Told very effectively in easily understood Irish with enough English to keep those with little or no gaeilge in touch. Surely this is sufficient incentive to bring the tale to a much wider audience. The possibilities for a full scale imaginative and highly creative interpretation .. orally, visually and/or in writing. Might this be one of the great walks with a tour guide in costume and in period? The individual walker should have a very well worked up sound recording … dramatized bits, good use of sound effects and music. At key locations could the walker zap the appropriate parts of the recording?

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s