Green & Gold Wran showing costumes, strawboy and Wran Captain complete with sword

An Dreoilín agus An Commedia dell’Arte Leis An tAthar Tomás Ó hIceadha


By Fr. Tom Hickey

DISTRICT DIRECTOR: Micheal O Coileain / EDITOR: MICHEAL O COILEAIN

Ón Leabhar Órchiste Nollag, Máirín Uí Shé a thiomsaigh agus a chuir in eagar.

Oidhreacht Chorca Dhuibhne a d’fhoilsigh é i 2020

In this short piece the author, Fr. Tom Hickey, himself a renowned director of theatre, makes the comparisons between the characters of  Commedia dell’Arte in Italy and those found in the Wran Boys of the Irish Tradition. Once widespread throughout the country, the Wran is now continued in few locations, but survives strongly in West Kerry. Commedia Dell’Arte was an early form of theatre originating in Italy in the 16th century. It is characterised by masked ‘types’ and can be either scripted or improvised. Generally, these troupes of players travelled between towns entertaining people. The origins of the Wran tradition is certainly more ancient and may well go back to pre-Christian times as part of a mid-winter festival.

Characters such as The Captain, The White Horse, The Fool etc seem common to both traditions.

Green & Gold Wran showing costumes, strawboy and Wran Captain complete with sword
Green & Gold Wran showing costumes, strawboy and Wran Captain complete with sword

De réir mar a fheicimse tá iarsma den Commedia sa Dreoilín. Táim beagnach deimhnitheach de. Ní féidir aon mhíniú eile ar an Dreoilín a bheith ann agus na carachtair im’ thuairim. Asiteoóirí taistil ón Iodáil a gnníomhaigh sa séú aois deag agus sa seachtú aois déag iad.

Tá daoine san dá dhream a ainmnítear cosúil lena chéile – conas a tharla san? Cuir i gcás – Il Capitano, an Laidean do ‘ The Captain’.Tá sé díreach cosúil leis an gCaptaen againne sa Dreoilín. Bhíodh headgear aige cosúil le saighdiúir nó duine tábhachtach.De gnáth bheadh military hat ag an Capitano san Iodáil agus do bhíodh claíomh aige. Do bhíodh lán-chumhacht aige – pé rud a deirtí, do bhí ar an gcuid eile é a dhéanamh.

Goat St and Quay Wrans on Main St, Dingle
Goat St and Quay Wrans on Main St, Dingle

Sa Daingean, bhíodh Captaen ar an nDreoilín agus dheineadh an chuid eile acu rud air agus bhíodhsé gléasta i gcóndí le claíomh agus hata speisialta mar atá ag Jimín Mhárie Thadhg sa leabhar ‘Jimín’ agus sa Commedia bhi Il Capitano cosúil leis an gCaptaen againne.

An tAmadán gléasta le loirgneáin de luachair nó tuí agus hata cónach cosúil le ‘tomhaistín’ ar a cheann. Bhíodh an aghaidh péinteáilte, smeartha le péint bhán nó buí (ochre) nó dearg (lena marcáilidís na caoire) agus é ag dul timpeall ag bualadh gach einne leis an leamhnán muice a bhí greamaithe arb harr maide aige, Il Pulcinello sa Commedia.

An tÓinseach, fear mór láidir le bróga tairní agus stocaí cniotáilte tútacha, Cuma na hainnise air agus é gléasta i ngúna nó in íochtar ban, Colombina sa Commedia. Ní bhíodh aon leide de thrasghléasadh (cross dressing) i gceist.

Bhíodh dochtúir acu mar charachtar sa Dreoilin i gContae Loch Gharman agus i ndeisceart Chontae Thoibraid Árainn – Il Dottore. Is amhlaidhgo mbíodh troid ann agus mharaíodh An Láir Bhán duine éigin, ach thugadh an Dochgúir an bheatha tharnais trí gheáitisí agus ráiméis agus gibris. Tháinig an nasc sin ó Chornwall i ndeisceart Shasna.

Hobby Horse of the Green & Gold Wran in Dingle
Hobby Horse of the Green & Gold Wran in Dingle

Thaisteil an Commedia dell’Art ó thuaigh go dtí an Fhrainc. Chuir Rí na Fraince fáilte rompu ar dtúis ach chuir sé an ruaig orthu tar éis tamaill mar cheap go raibh an Iodáilís ag truailliú an Fhraincís. Ach dream an-phroisfisiúnta ab ea iad agus d’fhoghlamaíodar Fraincís agus chuireadar snas ar chuid des na carachtair agus as san a fhás clú agus cáil an charachtair Pierrot, an fear grinn lena aghaidh péinteálta bán.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s